Baile

Saol páistí scoil a ghealú trí mheán na drámaíochta Gaeilge

Eagraíonn An Cumann Scoildrámaíochta, atá faoi phátrúnacht an Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta, féilte drámaíochta chun drámaí trí Ghaeilge a chur chun cinn ar fud na tíre. Scoláirí bunscoile agus iarbhunscoile a ghlacann páirt sna féilte seo. Is cúis bróid don chumann go nglacann thart ar 10,000 páiste páirt sna Féilte a reachtáiltear ar fud na tíre gach bliain.