Torthaí 2023

Beidh torthaí na féile náisiúnta ar fáil anseo tráthnóna Déardaoin, 4 Bealtaine 2023, ag thart ar 6 i.n.

Seo thíos an nasc chuig na torthaí:

https://www.scoildramaiocht.ie/feile-naisiunta-2023-torthai/

Má dhéantar an nasc sin a chliceáil roimh ré, déarfar nach féidir teacht ar an leathanach ach beidh fáil air a luaithe agus a bheidh na torthaí againn.

Mura n-oibreoidh an nasc duit tráthnóna Déardaoin, lean na céimeanna seo a leanas:
– téigh go www.scoildramaiocht.ie
– cliceáil ar an táb Féilte & Comórtais
– téigh go Féile Náisiúnta 2023 sa roghchlár anuas agus roghnaigh Féile Náisiúnta 2023 – Beidh na torthaí ansin.

Ádh mór oraibh ar fad.

An Fhéile Náisiúnta 2023

Tá an-áthas orainn a fhógairt go mbeidh clár iomlán againn i mbliana don Fhéile Náisiúnta 2023 agus drámaí linn ó gach cearn den oileán seo againne idir thuaidh agus theas.

Reáchtálfar an fhéile in Áras na nEalaíon ar an Muileann gCearr thar sé lá ó 26-28 Aibréan agus ó 2-4 Bealtaine.

Is é Seán de Búrca a bheidh i mbun moltóireachta i mbliana.

Guímid gach rath ar gach aon ghrúpa a bheidh ag glacadh páirte. Tá céad míle fáilte romhaibh ar  fad a bheith linn i rith na féile.

Fáilte thar n-ais!!

Tá an-áthas orainn a fhógairt go mbeidh féilte scoildrámaíochta ar siúl fud fad na tíre in 2023 agus sinn ag tnúth le bualadh lenár seancháirde arís agus le cairde nua a dhéanamh chomh maith céanna. Tá fáilte is céad romhaibh ar fad a bheith linn.

Covid-19

Is oth le Coiste Náisiúnta an Chumainn Scoildrámaíochta a fhógairt nach mbeidh Féile Náisiúnta á cur ar bun i mbliana agus nach mbeifear ag leanúint ar aghaidh le haon fhéile cúige nár reáchtáladh go dtí seo mar thoradh ar an gcoróinvíreas, Covid-19. Is mian leis an gCoiste buíochas a ghabháil le hoifigigh uile an Chumainn agus leis na múinteoirí agus na scoláirí a ghlac páirt in ár gcuid féilte agus ag súil go mbeimid ar fad ar ais le chéile arís in 2021.

Féile Cheatharlach 2019

Tá éacht déanta ag Coiste Cheatharlach i mbliana.

Beidh thart ar 12 dhráma ar fad ar stáitse in Amharclann George Bernard Shaw ar an mbaile ar 7 Márta 2019 – thart ar 10 gcinn as na bunscoileanna agus 2 cheann as na meánscoileanna. Is í Rita Kelly a bheidh i mbun moltóireachta ag an bhféile.

Déanaimíd comhghairdeas le gach duine a bhfuil baint acu leis an ngaisce seo agus guímid gach rath ar na scoileanna ar fad a bheidh ag glacadh páirte ann.