Na Cómórtais


Taispeántar na comórtais éagsúla inar féidir le haisteoirí óga páirt a ghlacadh iontu. Maidir le gnáthdhrámaí á léiriú ag bunscoileanna, tabharfaidh tú faoi deara go bhfuil comórtais éagsúla ann ag braith ar líon na n-oidí sa scoil. Chomh maith le sin, déantar idirdhealú idir ghnáthdhrámaí agus ceoldrámaí.

Tá rannóg ar leith ann d’ógeagrais freisin.

Seo a leanas na comórtais éagsúla:
Roinn I
Bunscoileanna a bhfuil triúr oide ranga nó níos lú iontu:

Comórtas 1
Comórtas 2
Scoláirí na Scoile i Rang 2 agus faoi.
Scoláirí na Scoile ó Rang 3 go Rang 6.

Roinn IA
Bunscoileanna nach Gaelscoileanna no Scoileanna Gaeltachta iad:

Comórtas 3
Scoláirí na Scoile ó Rang 1 go Rang 6.
(Níl bac ar na scoileanna sa roinn seo cur isteach ar na gnáthchomórtais eile i Roinn I,II nó III in áit an chomórtais seo, más fearr leo amhlaidh a dhéanamh.)

 

Roinn II
Bunscoileanna a bhfuil idir ceathrar agus seachtar oide ranga iontu:

Comórtas 4
Comórtas 5
Comórtas 6
Scoláirí na Scoile i Rang 2 agus faoi.
Scoláirí na Scoile i Rang 3 agus Rang 4.
Scoláirí na Scoile i Rang 5 agus Rang 6.

 

Roinn III
Bunscoileanna a bhfuil ochtar oide ranga nó níos mó iontu:

Comórtas 7
Comórtas 8
Comórtas 9
Scoláirí na Scoile i Rang 2 agus faoi.
Scoláirí na Scoile i Rang 3 agus Rang 4.
Scoláirí na Scoile i Rang 5 agus Rang 6.
(Is féidir le bunscoileanna Gaeltachta / Gaelscoileanna cur isteach ar Roinn I, Roinn II agus Roinn III ach ní féidir leo cur isteach ar Roinn 1A)

 

Roinn IV
Scoileanna Iar-Bhunoideachais:

Comórtas 10
Comórtas 11
Comórtas 12
Scoláirí i Ranganna an Teastais Shóisearaigh (nó GCSE).
Scoláirí Idirbhliana.
Scoláirí i Ranganna na hArdteistiméireachta (nó AS/A2).

 

Roinn V
Ceoldrámaí:

Comórtas 13
Comórtas 14
Comórtas 15
Comórtas 16
Ceoldrámaí / Gníomhamhráin – scoláirí Bunscoile i Rang 2 agus faoi.
Ceoldrámaí scoláirí Bunscoile i Rang 3 agus 4.
Ceoldrámaí scoláirí Bunscoile i Rang 5 agus 6.
Ceoldrámaí nó Mím* – scoláirí i Scoileanna Iar-bhunoideachais.
*Ní mór d’fhormhór na scéalaíochta labhartha a bheith beo.
Is sa Roinn seo a bheidh gach ceoldráma san iomaíocht (Scoileanna agus ógeagrais).

 

Roinn VI
Clubanna na n-Óg / Ógeagrais:

Comórtas 17
Daltaí scoile faoi 18 mbliana atá ina mbaill de Chlub nó ógeagras.

 

Roinn VII
Dráma / Ceoldráma / Gníomhamhrán:

Comórtas 18 Daltaí bunscoile i ranganna na naíonán sinsearach nó na naíonán sóisearach.