Baile

Eagraíonn An Cumann Scoildrámaíochta, atá anois faoi chúram an Oireachtais, féilte drámaíochta ar fud na tíre chun drámaí trí mheán na Gaeilge a spreagadh agus a chur chun cinn i measc ghlúin óg na tíre. Tugann na féilte seo deis do scoláirí bunscoile agus iar-bhunscoile scileanna teanga, cruthaitheachta agus drámaíochta a fhorbairt i dtimpeallacht spreagúil agus shiamsúil.

Is cúis mhór bhróid don Chumann go nglacann breis agus 10,000 páiste páirt sna féilte gach bliain, rud a léiríonn an spéis agus an fuinneamh atá ag pobal na scoileanna i saol na drámaíochta Gaeilge. Cuireann na léirithe seo béim ní hamháin ar fhorbairt scileanna aisteoireachta agus stáitsiúlachta, ach ar obair foirne, ar fhéinmhuinín agus ar chruthú nasc idir scoileanna éagsúla ar fud na tíre.

Le tacaíocht agus comhpháirtíocht an Oireachtais, beidh ceardlanna agus acmhainní tacaíochta á gcur ar fáil do mhúinteoirí lena chinntiú go leanfar ar aghaidh leis an traidisiún bríomhar seo a chothú mar chuid lárnach de shaol cultúrtha agus oideachasúil na Gaeilge.

Struchtúr na bhFéilte

Eagraítear féilte ar bhonn áitiúil, cúige agus náisiúnta, rud a thugann deis do scoláirí ó gach cearn den tír páirt a ghlacadh san fhéile. Cuireann na féilte go mór le forbairt na féinmhuiníne, na hurlabhraíochta, na Gaeilge labhartha agus na scileanna comhoibrithe i measc na rannpháirtithe – agus ar ndóigh, bíonn an-spraoi agus iomaíocht bhreá leo chomh maith!

Ós rud é go mbíonn idir dhrámaí agus cheoldrámaí á léiriú, agus rannpháirtithe ó réimse aoisghrúpaí éagsúla, reáchtáiltear comórtais éagsúla a oireann do gach catagóir. Tá liosta iomlán na gcomórtas, mar aon leis an scéim mharcála, ar fáil ar an suíomh seo. Cé go mbíonn ioamíocht ghéar ag an Fhéile Scoildrámaíochta, cuireann an Cumann béim ar an taithí thaitneamhach agus ar na buntáistí pearsanta a fhaigheann na daltaí ón rannpháirtíocht.

Dátaí

Tá eolas faoi na hionaid agus na dátaí a mbíonn na féilte ar siúl ar fud na tíre, chomh maith le sonraí teagmhála, ar fáil sna nascanna cuí ar an suíomh seo. Déantar na sonraí seo a nuashonrú de réir mar a bhíonn siad ar fáil.

  • Féilte Áitiúla: mí Feabhra / tús mhí an Mhárta
  • Féilte Cúige: mí an Mhárta
  • Féile Náisiúnta: mí Aibreáin

(Is minic a bhíonn tionchar ag dátaí na Cásca ar na socruithe cruinne).

Tá dátaí na bliana seo ar fáil anseo!

Glac Páirt

Más múinteoir thú agus fonn ort dráma a léiriú den chéad uair, nó más léiritheoir le taithí thú ag obair le scoláirí bunscoile nó iar-bhunscoile, seo do sheans páirt a ghlacadh.

foirm iarratais ar fáil anseogo n-éirí go geal leat!