Áras na nEalaíon – An Muileann gCearr


Áras na nEalaíon – Léarscáil

  • Is féidir le grúpaí tionlacan ó bhusanna ag an suíomh atá marcáilte le ‘X’ sa léarscáil (i.e díreach taobh le príomhdhoras an Ionaid Ealaíne.
  • Cé gur sráid aon-bheallach (marcáilte le saghadanna bána sa léarscáil) atá taobh leis an Ionad, beidh cead ag busanna amháin dul suas an tsráid sin (i gcoinne na tráchta) agus páirceáil ar thaobh na sráide mar atá taispeáinte.
Áras na nEalaíon – Stáitse
Ionad Ealaíne Stáitse
Soilsiú
Tá sraith de shoilsí os comhair an stáitse.
Tá trí shraith de shoilse ar an stáitse:
  • sraith ag tús an stáitse;
  • sraith i lár an stáitse;
  • sraith ag cúl an stáitse.

 

Rialú Soilsithe
Rialaítear na soilse ó chró soilsiúcháin atá suite ar chúl an halla (ní ar an stáitse). Toisc go mbíonn gá le múinteoir / léiritheoir de ghnáth ar chúl an stáitse, moltar do scoileanna duine breise, atá feasach ar riachtanais soilsithe an dráma, a bheith ar fáil sa chró soilsiúcháin chun treoir a thabhairt don teicneoir soilisúcháin i rith an drama.

 

Córas Fuaime
Tá 2 rogha:
  • Tá an córas PA suite sa chró soilsiúcháin ar chúl an halla. Is féidir dlúthdhioscaí a chur tríd an gcóras PA ón gcró. (Arís beidh gá le duine breise, atá feasach ar riachtanais fuaime an dráma, a bheith ar fáil sa chró i rith an dráma).
  • Tá foinsí cumhachta ar thaobh an stáitse. Is féidir seinteoirí dlúthdhioscaí srl a rialú ó thaobh an stáitse agus micreafón a chur in aice leo.

Thig leat an eolas seo a fháil mar

pdf word