Stair an Chumainn

Rinne an Cumann Scoildrámaíochta ceiliúradh 80 bliain ar an saol in 2014. Mar aon le raon fairsing imeachtaí i rith na bliana sin, socraíodh sraith de sheastáin a chur le chéile ag léiriú nithe a thárla síos trí na blianta i saol an chumainn. Seo thíos a raibh sna seastáin sin:

Cumann Drámaíochta na Scoil

1934 – 1954

Bunaíodh Cumann Drámaíochta na Scol i mBaile Átha Cliath ar an 9ú Feabhra 1934

An Choiste Bunaidh

Uachtárán: An tAthair Micheál O.FM. Cap

Cathaoirleach: Micheál Ó Foghlú

Cisteoir: Aindrias Ó Muimhneacháin

Rúnaí: Dr. P.E. Ó Súilleabháin

Pátrún: Tomás Ó Deirg, An tAire Oideachais

 

Aidhmeanna

  1. Labhairt na Gaeilge d’fhoirleathnú i measc na ndaltaí scoile.
  2. Gealadh do dhéanamh ar shaol na scoile.
  3. Suim san Drámaíocht Ghaeilge d’fhoirbhiú sna daltaí.

 

Léiríodh sé dhráma déag le linn na féile a reachtáladh i mBaile Átha Cliath i dTeach an Ard- Mhéara agus i Forrester’s hall ón 22-23 Meitheamh 1934.

 

Áras an Uachtaráin 1939

Tugadh cuireadh do na foirne dul chuig cóisir in Áras an Uachtaráin ar an 30 Márta 1939. Chuir an tUachtarán, Dubhghlas de hÍde, fáilte rompu mar aon leis an Taoiseach, Éamon De Valera agus a bhean céile, Síle, a bhí i láthair chomh maith.

 

Cuireadh na Féilte Náisiúnta ar ceal ón mbliain 1941 go dtí 1952 de dheasca an Dara Cogadh Domhanda agus Stailc na Múinteoirí. D’eagraigh an Cumann taispeántas drámaíochta in áit na bhféilte.

 

1954 – 1974

1954 – 1957: Féile Náisiúnta ar siúl in Amharclann an Olympia

1958 – 1969: Féile Náisiúnta ar siúl in Amharclann an Gheata

1958 – Earnán de Bloghd a d’oscail an fhéile

1959 – An t-Iarla Longfort a d’oscail an fhéile

1961: Éamonn de Valera, Uachtarán na h-Éireann a d’oscail an fhéile

 

1963: Cuireadh tús leis na féilte cúige sa bhliain seo.

Féile Laighean in Áth Luain

Féile Chonnacht in Áth Luain

Féile na Mumhan i gCluain Meala

Féile Uladh i mBéal Feirste

Féile Cúige Bhaile Átha Cliath

 

40 dráma a chuaigh ar aghaidh go dtí an fhéile náisiúnta in Amharclann an Gheata.

 

1964 – Ainm an Chumainn athraithe ó Chumann Drámaíochtana Scol go dtí An Cumann Scoildrámaíochta.

1970 – 1978 Féile Náisiúnta ar siúl in Amharclann Player Wills

 

1961: Tús le hurraíocht ar Chomórtais Chumadóireachta Drámaí do Dhaoine Óga ar Chlár an Oireachtais.

Bronnadh duais ar údar dhráma nua scríofa san aois ghrúpa 10 – 18 bliana d’aois

1960: Céad duais £30

1966: Céad duais £30, Dara duais £15

1972: Céad duais £40, Dara duais £20

1978: Céad duais £60, Dara duais £30

 

Cursaí Drámaíochta an Comhairle Náisiúnta do Mhuinteoirí.

1966-1969: D’eagraigh an Comhairle Náisiúnta do Drámaíochta cúrsa do mhúinteoirí in Amharclann na Peacóige, Amharclann an Damer agus in Amharclann an Taibhdheairc i nGaillimh. Is é Donncha Ó Suilleabháin, ball den Chumann Scoildrámaíochta a bhunaigh an Comhairle Náisiúnta Drámaíochta.

1972: Eagraíodh Cúrsaí Drámaíochta do mhúinteoirí, cúrsaí deireadh seachtaine agus cúrsaí seachtaine ar fud na tíre.

 

1974 – 1994

Oscailtí Oifigiúla Féilte Náisiúnta

 

1975: Cearbhall Ó Dálaigh, Uachtarán na hÉireann

1976: An Dr. T K Whitaker

1979: An Dr. Pádraig Ó hIrghile, Uachtarán na hÉireann

1979 – 2004: Tionóladh an fhéile Náisiúnta i gColáiste Phádraig, Drom Conrach.

 

1984: lubhaile Órga an Chumainn Oscailt Oifigiúil na Féile Náisiúnta & Taispeántas Ceiliúrtha: An Dr. Pádraig Ó hIrghile

1986: Foilsíodh “An Cumann Scoildrámaíochta 1934 – 1984”

1989: Cnuasach Drámaí “Tríocha dráma do Dhaltaí Bunscoile” curtha i gcló.

1991: Cuairt ar Áras an Uachtaráin ar chuireadh óna soilse, Máire Mhic Róibín

1993: Rinneadh ócáid ar leith de Bhronnadh na nDuaiseanna.

Tionóladh an chéad ócáid speisialta seo i mBord n Gaeilge agus b’é Mícheál Ó Muircheartaigh a bhronn na coirn.

1994: Comóradh 60 Bliain Clár Cuimneacháin

Bunú an Chomórtais Ealaíne

Léiríodh 44 dráma ag an bhféile Náisiúnta don chéad uair agus craolú beo ar Raidió na Gaeltachta.

 

1994 – 2014

1996 – 2005: Reachtáladh ceardlanna drámaíochta do mhúinteoirí ar fud na tíre le cabhair airgid ón Aonad Forbartha longhairme agus Ciste sóisialta na hEorpa.

1998: Féile Náisiúnta oscailte ag Máire Nic Giolla Íosa, Uachtarán na hÉireann.

2001: Scoilteadh an fhéile Náisiúnta ina thrí de dheasca an ghalair crúib is béil

  • Aibreán – An Phoinnte , Co. an Dúin
  • Bealtaine – An Mhuileann gCearr
  • Meitheamh – Baile Átha Cliath

2004: Comóradh 70 Bliain

Athrú Patrúnachta chuig an Roinn Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta.

 

2008: Bunaíodh suíomh idirlín an chumainn – www.scoildrámaíocht.ie

 

2010: Deis fógraíochta ar an gclár Winning Streak de chuid an Crannchur Náisiúnta

 

2014: Rinne Inscéal clár faisnéise An Ceoldráma do TG4 a lean scoil ó gach cúige ón tús agus iad ag ullmhú do na féilte áitiúla go dtí buaicphointe na féile náisiúnta.

 

Rinne an Cumann Scoildrámaíochta ceiliúradh ar 80 bliain a shaol in 2014.
Mar aon le raon fairsing imeachtaí i rith na bliana sin, socraíodh sraith seastán a chur le chéile ag léiriú eachtraí agus forbairtí a tharla i gcúrsaí an chumainn thar na blianta. Seo a leanas ábhar na seastán sin: