Reáchtálfar cruinniú cinn bliana an chumainn in Ostán an Hodson Bay i mBaile Átha Luain ar an Satharn, 11 Deireadh Fómhair, ag 1.00 i.n.
Leasú ar na Comórtais
Baineann an leasú seo le scoileanna beaga (scoileanna ina bhfuil triúr oide ranga nó níos lú), Comórtas 2 go sonrach. Chinn an Coiste Riartha Comórtas 2 a scoilt ina dhá chuid – Comórtas 2a agus 2b. Is do scoláirí na scoile i Rang 3 agus Rang 4 Comórtas 2a agus is do scoláirí na scoile i Rang 5 agus Rang 6 Comórtas 2b. Tógadh an cinneadh seo chun go mbeadh roinn seo ag teach leis na ranna gaolmhara eile (Roinn II agus Roinn III).
Ceardlann Drámaíochta 2024
Tá cúrsa drámaíochta á reáchtáil in Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, Gaoth Dobhair ar an Satharn, 23ú Samhain 2024.
Tá fáilte mhór roimh fhoireann na scoile, tuismitheoirí a bhfuil baint acu le drámaí nó daoine eile a mbeadh suim acu ann.
Táille: €10 – le híoc ar an lá (tae / caife agus lón san áireamh).
Spriocdháta le hiarratas a dhéanamh: 18 Samhain (sonraí teagmhála thíos)
Clár an Lae
• 9.45 r.n. Clárú agus Tae/Caifé
• 10.00 r.n. ‘Ag cur dráma do pháistí ar an ardán’
Louise Nic Giolla Chearra
• 11.00r.n. ‘Léiriú agus Aisteoireacht’
Manus Ó Duibhir
• 1.00.i.n. Greim le hithe / Lón
• 2.00.i.n. ‘Cúrsaí teicniúla an dráma’
Eoghan Mac Giolla Bhríghde
• 3.30i.n. Críoch / Ceisteanna
Teagmháil: E: noelogallchoir@hotmail.com
M: 087 6484944
F: www.facebook.com/thallisabhus
Cruinniú Cinn Bliana 2024
Tionólfar cruinniú cinn bliana an Chumainn Scoildrámaíochta sa Castletroy Park Hotel i Luimneach ar an Satharn, 5 Deireadh Fómhair 2024, ag 1 p.m.
Dátaí Sealadacha na Féile Náisiúnta 2025
Seo a leanas dátaí na Féile Náisiúnta Scoildrámaíochta 2025 a thionólfar in Áras na nEalaíon ar an Muileann gCearr:
2-4 Aibreán 2025 agus 7-9 Aibreán 2025
Is féidir go dtiocfadh athrú ar na dátaí seo.
An Fhéile Náisiúnta 2024
Reáchtálfar ár bhFéile Náisiúnta in Áras na nEalaíon ar an Muileann gCearr thar sé lá ó 17-19 Aibréan agus ó 22-24 Aibréan.
Is í Neasa Ní Laoire a bheidh i mbun moltóireachta i mbliana.
Guímid gach rath ar gach aon scoil a bheidh ag glacadh páirte. Tá céad míle fáilte romhaibh ar fad a bheith linn i rith na féile.
Cruinniú Cinn Bliana 2023
Tionólfar cruinniú cinn bliana an Chumainn Scoildrámaíochta sa Hilton Garden Inn i mBaile Átha Cliath ar an Satharn, 25 Samhain 2023, ag 1 p.m.
Torthaí 2023
Beidh torthaí na féile náisiúnta ar fáil anseo tráthnóna Déardaoin, 4 Bealtaine 2023, ag thart ar 6 i.n.
Seo thíos an nasc chuig na torthaí:
https://www.scoildramaiocht.ie/feile-naisiunta-2023-torthai/
Má dhéantar an nasc sin a chliceáil roimh ré, déarfar nach féidir teacht ar an leathanach ach beidh fáil air a luaithe agus a bheidh na torthaí againn.
Mura n-oibreoidh an nasc duit tráthnóna Déardaoin, lean na céimeanna seo a leanas:
– téigh go www.scoildramaiocht.ie
– cliceáil ar an táb Féilte & Comórtais
– téigh go Féile Náisiúnta 2023 sa roghchlár anuas agus roghnaigh Féile Náisiúnta 2023 – Beidh na torthaí ansin.
Ádh mór oraibh ar fad.
An Fhéile Náisiúnta 2023
Tá an-áthas orainn a fhógairt go mbeidh clár iomlán againn i mbliana don Fhéile Náisiúnta 2023 agus drámaí linn ó gach cearn den oileán seo againne idir thuaidh agus theas.
Reáchtálfar an fhéile in Áras na nEalaíon ar an Muileann gCearr thar sé lá ó 26-28 Aibréan agus ó 2-4 Bealtaine.
Is é Seán de Búrca a bheidh i mbun moltóireachta i mbliana.
Guímid gach rath ar gach aon ghrúpa a bheidh ag glacadh páirte. Tá céad míle fáilte romhaibh ar fad a bheith linn i rith na féile.
Ceardlann Drámaíochta i nGaoth Dobhair
Beidh cúrsa lae in Amharclann Ghaoth Dobhair ar an Satharn, 14ú Eanáir 2023. Tá fáilte mhór roimh chách. Táille €10 le híoc ar an lá le tae / caife agus lón san áireamh. Breis eolais ag noelogallchoir@hotmail.com.