Áras na nEalaíon – An Muileann gCearr


Áras na nEalaíon – Léarscáil

  • Is féidir le grúpaí theacht ó bhusanna ag an suíomh atá marcáilte le ‘X’ sa léarscáil (i.e díreach taobh le príomhdhoras an Ionaid Ealaíon).
  • Cé gur sráid aon-treo (marcáilte le saigheada bána sa léarscáil) atá taobh leis an Ionad, beidh cead ag busanna amháin dul suas an tsráid sin (i gcoinne an tráchta) agus páirceáil ar thaobh na sráide mar atá léirithe.
Áras na nEalaíon – Stáitse
Ionad Ealaíne Stáitse
Soilsiú
Tá sraith de shoilse os comhair an stáitse.
Tá trí shraith de shoilse ar an stáitse:
  • sraith ag tús an stáitse;
  • sraith i lár an stáitse;
  • sraith ag cúl an stáitse.

 

Rialú Soilsithe
Rialaítear na soilse ó chró soilsiúcháin atá suite ar chúl an halla (ní ar an stáitse). Toisc go mbíonn gá le múinteoir / léiritheoir de ghnáth ar chúl an stáitse, moltar do scoileanna duine breise, atá feasach ar riachtanais soilsithe an dráma, a bheith ar fáil sa chró soilsiúcháin chun treoir a thabhairt don teicneoir soilsúcháin i rith an dráma.

 

Córas Fuaime
Tá 2 rogha:
  • Tá an córas PA suite sa chró soilsiúcháin ar chúl an halla. Is féidir dlúthdhioscaí a chur tríd an gcóras PA ón gcró. (Arís beidh gá le duine breise, atá feasach ar riachtanais fuaime an dráma, a bheith ar fáil sa chró i rith an dráma).
  • Tá foinsí cumhachta ar thaobh an stáitse. Is féidir seinnteoirí dlúthdhioscaí srl a rialú ó thaobh an stáitse agus micreafón a chur in aice leo.

Thig leat an t-eolas seo a fháil mar

pdf word