Buneolas


Eagraíonn An Cumann Scoildrámaíochta féilte drámaíochta ar bhonn áitiúil, ar bhonn cúige agus ar bhonn náisiúnta. Tugann na féilte seo an deis do scoláirí ó gach cheard den tír baint díreach a bheith acu leis an drámaíocht. Baineann siad an-taitneamh go deo as agus is mór an chabhair dóibh í maidir le féin-mhuinín, le hurlabhraíocht, le feabhas ina gcuid Gaeilge labhartha agus le comhoibriú ina measc féin. Ar ndóigh, bíonn iomaíocht sna féilte seo chomh maith!

Idirbhliain
Aisteoirí óga Scoil Náisiúnta an Cheathrair álainn, Inis Mór, Co. na Gaillimhe ar an stáitse i gColáiste Phádraig i rith na Féile Náisiúnta, 2003

Toisc go bhfuil idir dhrámaí agus ceoldrámaí á léiriú agus raon fairsing aoisghrúpaí ar an nglacadh páirte, bíonn comórtais éagsúla ann do na grúpaí difriúla. Tá liosta de na comórtais seo mar aon leis an scéim marcála le fáil ar an suíomh seo. Cé go dtugtar ainmniúcháin chuig FÉILTÍ CÚIGE do na léiriúcháin a bhíonn ar ard-chaighdeán sna FÉILTE ÁITIÚLA, cuireann an cumann níos mó béime ar an glacadh páirt agus ar an sult a bhaineann na haisteoirí ogá as an taithí.

Tá eolas faoi na h-ionaid ina mbeidh na féilte ar siúl ar fud na tíre, dátaí na bhféilte sin agus eolas maidir le teagmháil a dhéanamh linn faoi na féilte sin, le fáil faoi na nascanna cuí ar an suíomh seo. Déanfar uasdátú ar na sonraí de réir mar a thagann siad chun solais. É sin ráite, is gnách na féilte áitiúla a bheith ar bun i mí Feabhra nó tús mí na Márta gach bliain. Eagraítear na féilte cúige i mí na Márta de ghnáth agus is gnách an Fhéile Náisiúnta a reachtáil i mí Aibreán. Bíonn éifeacht ar dhátaí na Cásca ar chathain go díreach a eagraítear na féilte.

Más léiritheoir drámaí thú agus baint agat le scoláirí bunscoile nó iarbhunscoile nó más múinteoir thú ar mhaith leat triail a bhaint as dráma a léiriú don chéad uair riamh, seo do sheans chun páirt a ghlacadh – go n-éirí go geal leat! Tá foirm iarratais le fáil ar an suíomh seo.