Na Comórtais


Is féidir an fhoirm iarratais agus na rialacha a íoslódáil anseo.
Foirm Iarratais 2026 (.doc)
Foirm Iarratais 2026 (.pdf)
Rialacha (.pdf)


Taispeántar na comórtais éagsúla inar féidir le haisteoirí óga páirt a ghlacadh iontu. Maidir le gnáthdhrámaí á léiriú ag bunscoileanna, tabharfaidh tú faoi deara go bhfuil comórtais éagsúla ann ag braith ar líon na n-oidí sa scoil. Chomh maith le sin, déantar idirdhealú idir ghnáthdhrámaí agus ceoldrámaí.

Tá rannóg ar leith ann d’ógeagrais freisin.

Sa chás nach bhfuil cinnte faoin gcomórtas a ba chóir duit cur isteach air, moltar duit dul i dteagmháil leis an teagmhálaí áitiúil. 

Seo a leanas na comórtais éagsúla:
Roinn I – Bunscoileanna a bhfuil triúr oide ranga nó níos lú iontu:

Comórtas 1
Comórtas 2a
Comórtas 2b
Rang 2 agus faoi.
Rang 3 agus Rang 4.
Rang 5 agus Rang 6.

Roinn II – Bunscoileanna nach Gaelscoileanna nó Scoileanna Gaeltachta iad:

Comórtas 3a
Comórtas 3b
Comórtas 3c
Rang 2 agus faoi.
Rang 3 agus Rang 4.
Rang 5 agus Rang 6.

*Níl bac ar na scoileanna sa roinn seo cur isteach ar na gnáthchortais eile i Roinn I, III IV in áit an chomórtais seo, más fearr leo amhlaidh a dhéanamh. 

(Is féidir le bunscoileanna Gaeltachta / Gaelscoileanna cur isteach ar Roinn I, Roinn III agus Roinn IV ach ní féidir leo cur isteach ar Roinn II)

Roinn III – Bunscoileanna a bhfuil idir ceathrar agus seachtar oide ranga iontu:

Comórtas 4
Comórtas 5
Comórtas 6
Rang 2 agus faoi.
Rang 3 agus Rang 4.
Rang 5 agus Rang 6.

Roinn IV – Bunscoileanna a bhfuil ochtar oide ranga nó níos mó iontu:

Comórtas 7
Comórtas 8
Comórtas 9
Rang 2 agus faoi.
Rang 3 agus Rang 4.
Rang 5 agus Rang 6.

Roinn V – Scoileanna Iar-Bhunoideachais:

Comórtas 10
Comórtas 11
Comórtas 12
Teastais Shóisearaigh (nó GCSE).
Idirbhliain.
Ardteistiméireachta (nó AS/A2).

Roinn VI – Ceoldrámaí:

Comórtas 13
Comórtas 14
Comórtas 15
Comórtas 16
Ceoldrámaí / Gníomhamhráin – Rang 2 agus faoi.
Ceoldrámaí – Rang 3 agus 4.
Ceoldrámaí – Rang 5 agus 6.
Ceoldrámaí nó Mím* – Iar-bhunoideachais.

*Ní mór d’fhormhór na scéalaíochta labhartha a bheith beo.

(IsRoinn VI a bheidh gach ceoldráma san iomaíocht (Scoileanna agus Ógeagrais). 

Roinn VII – Clubanna na n-Óg / Ógeagrais:

Comórtas 17
Daltaí faoi 18 mbliana d’aois atá ina mbaill de Chlub nó Ógeagras.

Roinn VIII – Dráma / Ceoldráma / Gníomhamhrán:

Comórtas 18 Daltaí na naíonán shóisearacha nó na naíonán shinsearacha.