Na Léiriúcháin
Aire: Fad Ama na Léirithe
Is é 30 nóiméad an t-uasmhéid ama do dhrámaí a léirítear ag Féilte Cúige agus ag an bhFéile Náisiúnta, seachas drámaí Ardteistiméireachta áit gurb é 40 nóiméad an t-uasmhéid ama.
Bainfear 10 marc ó dhrámaí a sháraíonn na teorainneacha ama seo ag Féilte Cúige agus ag an bhFéile Náisiúnta.
Scripteanna
Caithfear an script a sheoladh chuig an Oifigeach Taibhealaíon Réigiúnach agus chuig an gCoiste Áitiúil seachtain roimh an bhFéile Aitiúil.
Má dhéantar leasuithe ar an script, caithfear an leagan nuashonraithe a sheoladh isteach roimh an bhFéile Cúige nó Náisiúnta.
Ceol & Soilse
Ní bheidh teicneoir ag gach Féile Áitiúil, mar sin tá sé tábhachtach do chóras fuaime féin a thabhairt leat — córas atá éasca le hiompar (m.sh. Callaire Bluetooth). Ní ghlacfar le dlúthdhioscaí, ach amháin má tá córas fuaime ag an ngrúpa féin a ghlacann leo.
Beidh teicneoirí ar fáil sna hionaid chúige chun freastal ar riachtanais fuaime agus soilse.
Tá sé riachtanach go mbeidh múinteoir nó caomhnóir i dteannta an teicneora chun ciú a thabhairt dó/di. Más gá treoracha eile a thabhairt, moltar iad a chur leis an script.
Ní ghlactar le nascanna idirlín. Ní mór cóip fhisiciúil a thabhairt leat ar an lá. Glactar leis na formáidí fuaime seo amháin: USB (MP3 nó WAV).
Mura bhfuil fáil agat ar cheann de na formáidí seo, déan cinnte teagmháil a dhéanamh le coiste na féile nó leis an Oifigeach Taibhealaíon chun é seo a phlé.
Ba chóir duit é a phlé leo ar a laghad seachtain roimh an bhféile, ionas go mbeidh deis aon fhadhbanna a réiteach.
Prapaí
Is gá go mbeadh na prapaí furasta a bhogadh, lena chinntiú nach mbeidh aon mhoill ar an gclár ama. Is féidir go leor a thaispeáint go héifeachtach ar stáitse le soilsiú agus le prapaí atá éadrom ach éifeachtach.
Tabharfar 10 nóiméad do gach scoil iad féin a eagrú ar stáitse roimh an dráma, agus 5 nóiméad gach rud a bhaint i ndiaidh an dráma.
Gléasadh
Moltar go mbeadh na páistí gléasta agus ullmhaithe chomh fada agus is féidir don stáitse sula dtagann siad chuig ionaid na bhféilte, chun tacú le bainistiú ama agus le heaspa spáis.
Ní cheadaítear níos mó ná foireann drámaíochta amháin i seomra gléasta ag aon tráth amháin.
Cúrsaí ama
Moltar a bheith i láthair san ionad ar a laghad 45 nóiméad roimh dhul ar an stáitse.
Moltar do scoileanna fanacht chun féachaint ar dhráma nó dhó, chun tacaíocht a léiriú do na scoileanna eile atá páirteach. Cuireann sé go mór le spriorad na féile. Is deis foghlama luachmhar í do na daltaí agus do na múinteoirí féachaint ar léiriúcháin eile. Tuigtear, áfach, mura bhfuil sé indéanta do scoil fanacht i ndiaidh a léirithe féin.
Ainmniúcháin
Féilte Áitiúla
Ainmnítear na drámaí is láidre chun dul ar aghaidh chuig an bhFéile Chúige — ní théann sé de réir Roinne nó Comórtais. Téann leath móide ceann amháin (½ + 1) de na drámaí ar aghaidh chuig an bhFéile Chúige.
Mar shampla:
- 30 dráma ar an stáitse → 16 ainmniúchán
- 15 dráma ar an stáitse → 9 n-ainmniúchán
Uaireanta, bíonn ainmniúchán breise ar mholadh an mholtóra.
Féilte Cúige
Ainmnítear dráma amháin ó gach Roinn (8 san iomlán), ag brath ar chaighdeán, agus 3 ainmniúchán eile ina dhiaidh sin.
Uaireanta, bíonn ainmniúchán breise ar mholadh an mholtóra.
Moltóirí
Is iad An Cumann Scoildrámaíochta agus An tOireachtas a thoghfaidh na moltóirí.
Scéim Marcála do:
| Drámaí
Aisteoireacht: 40 Léiriúchán: 40 Urlabhraíocht: 10 Éifeacht i gcoitinne: 10 Iomlán: 100 |
Ceoldrámaí
Aisteoireacht: 30 Mím/ Urlabhraíocht & Ceol: 30 Léiriú & Cóiréagrafaíocht: 30 Éifeacht i gcoitinne: 10 Iomlán: 100 |
Comórtas 18
Ceol/Mím/Aisteoireacht: 40 Léiriúchán: 40 Éifeacht i gcoitinne: 20
Iomlán: 100 |
Rialacha agus dea-chleachtais na gcomórtas
1. Glacann An Cumann Scoildrámaíochta agus An tOireachtas an ceart chucu féin gan an chéad duais ná duais ar bith a bhronnadh i gcomórtas ar bith, agus fós, gan duais ar bith a bhronnadh ar iomaitheoir ná ar fhoireann iomaíochta a mbeidh aon ní mírialta ann maidir lena n-iomaíocht.
2. In aon chás inar gá cead nó ceadúnas a fháil ón údar, ó chumadóir nó eile le haon chuid dá shaothar a chur ar stáitse i rith comórtais ar bith de chuid an Oireachtais agus an Chumainn Scoildrámaíochta, is ar an iomaitheoir (nó ar an bhfoireann iomaíochta) a bheidh an dualgas an cead nó ceadúnas sin a fháil roimh ré ón té gur leis an gcóipcheart, agus beidh air (nó orthu), freisin, An tOireachtas agus An Cumann Scoildrámaíochta a chosaint ar aon éileamh nó imeacht dlí a d’fhéadfadh teacht de bharr a fhoilsithe nó a léirithe amhlaidh.
3. Ní bheidh aon bhall den Oireachtas, den Chumann Scoildrámaíochta, ná de Bhord Stiúrtha an Oireachtais freagrach as aon mhoill ná cailliúint ná damáiste, ná ceataí a tharlóidh d’aon iomaitheoir ná d’aon fhoireann iomaíochta.
4. Glacann An Cumann Scoildrámaíochta agus An tOireachtas ceart aonarach chucu féin, grianghraf, taifead, agus/nó craoladh a dhéanamh ar chomórtais le linn na Féilte Scoildrámaíochta. Is amhlaidh a thugtar an cead sin don Chumann Scoildrámaíochta agus don Oireachtas nuair a dhéanann iomaitheoir, nó caomhnóir thar ceann iomaitheora, comórtas a iontráil. Comhaontaíonn gach iomaitheoir, nó caomhnóir an iomaitheora i gcás iomaitheora faoi ocht mbliana déag d’aois, a bheidh rannpháirteach i gcomórtas ar bith, go bhféadfaidh An Cumann Scoildrámaíochta agus An tOireachtas an rannpháirtíocht sin a úsáid in aon mheán nó aon fhormaid agus ceadúnú a thabhairt i leith an chirt sin nó é a shannadh ar bhealach ar bith is cuí chun críocha poiblíochta / bolscaireachta imeachtaí / ealaíona / comórtais a thagann faoi scáth an Oireachtais.
5. Seilbh shealadach a gheobhaidh lucht buaite ar chorn. Beidh an fhoireann nó an duine air a mbronnfar é, freagrach as a shlánchoinneáil. Ní foláir é a thabhairt ar ais chuig Rúnaí na Féile Áitiúla nó chuig an Oifigeach Réigiúnach Taibhealaíon cuí mí roimh an bhFéile Áitiúil i do cheantar. Beidh cead duaiseanna speisialta an mholtóra a choinneáil go buan.
6. Ní ceadmhach taifeadadh a dhéanamh ag comórtais le linn na Féile Scoildrámaíochta gan réamhchead ó Chomhordaitheoir Náisiúnta Taibhealaíon an Oireachtais. Thairis sin, is iad foireann ilmheán an Oireachtais agus an Chumainn Scoildrámaíochta amháin atá ceadaithe le grianghraif, físeáin agus/nó taifead fuaime a dhéanamh ag comórtais na ndaoine óga. Sa chás go mbeidh scoil ag iarraidh taifead a dhéanamh nó grianghraf a thógáil nuair a bheidh duine faoi ocht mbliana déag as an scoil sin ag iomaíocht i gcomórtas ceadófar dóibh duine amháin ar son na scoile a ainmniú roimh ré chun an taifead a dhéanamh. Beidh an duine sin cláraithe mar ‘ghrianghrafadóir ainmnithe’ agus beidh an t-aitheantas sin teoranta do thréimhse rannpháirtíochta an iomaitheora / na n-iomaitheoirí sna comórtais ag an bhféile scoildrámaíochta.
7. Ní cheadófar do pháiste a bheith ar chúl stáitse gan tuismitheoir/caomhnóir/ múinteoir a bheith in éineacht leis/ léi seachas i gcásanna a mbeidh Seomra Glas curtha ar fáil, a bheidh faoi chúram Bainisteora a bheidh ceaptha ag An tOireachtas.
8. Tá ar gach léiritheoir cóip den fhoirm iarratais a líonadh agus í a chur ar aghaidh chuig Rúnaí na Féile Áitiúla agus chuig an Oifigeach Taibhealaíon cuí roimh spriocdháta na féile áitiúla atá i do cheantar. Mura bhfuil féile ar siúl i do cheantar, déan cinnte an fhoirm a chur ar aghaidh chuig an Oifigeach Taibhealaíon cuí roimh an 30 Eanáir 2026. Ní ghlacfar le hiarratais i ndiaidh an dáta sin.
9. Is é An Cumann Scoildrámaíochta agus An tOireachtas a shocróidh tráth agus ord iomaíochta agus foilseofar an tráth agus an t-ord sin i gClár Oifigiúil na Féile. Tá sé riachtanach do gach uile iomaitheoir agus do gach uile fhoireann iomaíochta dul chun iomaíochta de réir an oird sin. Is féidir an fhoireann nach ndéanann amhlaidh a chosc ó iomaíocht sa chomórtas áirithe sin. Is ceadmhach don Chumann Scoildrámaíochta agus don Oireachtas, áfach, tráth agus ord na hiomaíochta a athrú más gá, ach fógra cuí a thabhairt don lucht iomaíochta.
10. Tá Ráiteas um Chumhdach Leanaí an Oireachtais le fáil ag www.antoireachtas.ie
11. Trí an fhoirm chlárúcháin a shiniú, glacann an scoil/eagraíocht/club óige leis na rialacha seo.
