Seo thíos na torthaí ón bhFéile Náisiúnta 2025. Gabhaimid ár mbuíochas le gach uile grúpa a ghlac páirt agus a chabhraigh linn féile den scoth a bheith againn arís i mbliana. Táimid an-bhuíoch chomh maith don mholtóir, Neasa Ní Laoire, a bhíonn fíorchoinsiasach faoina cuid oibre, d’fhoireann Áras na nEalaíon a d’oibrigh go dian dícheallach i rith na seachtaine agus do gach duine a raibh baint a bheag nó a mhór acu lenár gcuid féilte.
Bronnfar na duaiseanna in Amharclann Clasaċ ar an gCéadaoin, 7 Bealtaine, ag 1.30pm.
Buaiteoirí na gComórtas
| Comórtas 2b |
Áine
Scoil Naomh Gobnait, Dún Chaoin, Co. Chiarraí. |
| Comórtas 3 |
Fear Draíochta Oz
Scoil Náisiúnta Seosamh Naofa, Dún Dealgan, Co. Lú. |
| Comórtas 4 |
Coiníní Contúirteacha
Scoil Cholmcille, An Tearmann, Tír Chonaill. |
| Comórtas 5 |
Stair ó Bhun go Barr
Gaelscoil Éadan Doire, Éadan Doire, Co. Uíbh Fhailí. |
| Comórtas 6 |
Gearóid Ó Grinseach
Scoil Mhuire, Na Doirí Beaga, Co. Dhún na nGall. |
| Comórtas 7 |
An Leabhar Draíochta
Scoil Mhic Dara, An Cheathrú Rua, Co na Gaillimhe |
| Comórtas 8 |
Peigín ar an mBóthar
Gaelscoil Liatroma, Cora Droma Rúisc, Co Liatroma. |
| Comórtas 9 |
Istigh i mo chroí tá neart
Gaelscoil na gCrann, An Ómaigh, Co. Thír Eoghain. |
| Comórtas 10 |
Thuas seal, thíos seal
Pobalscoil Chloich Cheannfhaola, Tír Chonaill. |
| Comórtas 11 |
C.E.A.R.T.A.
Coláiste Chroí Mhuire, An Spidéal, Co. na Gaillimhe. |
| Comórtas 13 |
Rí na Leon
Gaelscoil Dara, An Rinn Mhór, Gaillimh. |
| Comórtas 14 |
Rí na Leon
Scoil Chróine, An Clochán Liath, Tír Chonaill. |
| Comórtas 15 |
Aladdin
Gaelscoil Eoghain Uí Thuairisc, Ceatharlach, Co. Cheatharlach. |
| Comórtas 17 |
Mistéir Timbuctú
Scoil na Crannóige, Gaoth Dobhair , Tír Chonaill. |
| Comórtas 18 |
An Fear Sinséir
Gaelscoil An Choillín, An Muileann gCearr, Co. na hIarmhí. |
Duaiseanna Speisialta
| An Bhunscoil is Fearr: |
Gaelscoil Mhíchíl Cíosóg, Inis, Co. an Chláir. |
| An Bhunscoil Gaeltachta is Fearr: |
Scoil Náisiúnta na bhForbacha, Co na Gaillimhe. |
| An Ghaelscoil is Fearr: |
Scoil an Duinnínigh, Sórd, Co. Bhaile Átha Cliath. |
| An Pobalcholáiste is Fearr: |
Pobalscoil Chloich Cheann Fhaola, Tír Chonaill. |
| An Léiriú is Fearr ar Nuadhráma: |
Oisín i dTir na nÓg –Scoil Adhamhnáin, An Luinnigh, Tír Chonaill. |
| An Bhunscoil is fearr nach Gaelscoil nó Scoil Gaeltachta í: |
Scoil Náisiúnta Seosamh Naofa, Dún Dealgan, Co. Lú. |
| An Bhunscoil Bheag is Fearr: |
Scoil Bhríde, Mín an Chladaigh, Tír Chonaill. |
| Corn Genesis: |
Gaelscoil Mhic Amhlaigh, Cnoc na Cathrach, Gaillimh. |
| Scothléiriú an Féile: |
Aladdin – Gaelscoil Eoghain Uí Thuairisc, Ceatharlach, Co. Cheatharlach. |
Duaiseanna an Mholtóra
| Cultacha ar Leith / Aghaidheanna Fidil Gaelscoil Philib Barún, An Trá Mhór, Co. Phort Láirge. |
| An Oscailt is Fearr Scoil Chaitlín Naofa, Cill Mhic a’ Domhnaigh, Fionn Trá, Co. Chiarraí. |
| Smideadh is Fearr Gaelscoil an Chuilinn, Baile an Tirialaigh, BÁC 15. |
| Greann Scoil Náisiúnta na bhForbacha, Co na Gaillimhe. |
Duaiseanna an Ionaid Ealaíne
| Aisteoir is Fearr (Cailín): |
Maria sa dráma Fuaim an Cheoil, Gaelscoil Phádraig Naofa, Crois Mhig Lionnáin, Co. Ard Mhacha. |
| Aisteoir is Fearr (Buachaill): |
An Múinteoir Pádraig sa dráma Thuas seal, thíos seal, Pobalscoil Chloich Cheann Fhaola, Tír Chonaill. |