Ceardlanna Drámaíochta


Gach bliain, cuireann an Cumann ceardlanna drámaíochta ar siúl ar fud na tíre chun cabhrú le múinteoirí, ar mhaith leo drámaí a léiriú ar ardán. Is mór an chabhair iad na ceardlanna seo go speisialta do mhúinteoirí nach bhfuil an oiread sin taithí acu ar an léiriú. Leis na hathraithe ar fad ar Churaclam na Bunscoile, tá béim níos mó ná riamh á chur ar an drámaíocht mar ghléas múinte.

Sna ceardlanna seo, cuirtear béim ar cheann amháin nó níos mó de na gnéithe seo a leanas:
  • Aisteoireacht
  • Gluaiseachtaí
  • Grúpáil
  • Buaicphointí
  • Stáitsiú agus soilse