Duaiseanna Liteartha an Oireachtais


Comórtais Liteartha an Oireachtais.
Déanann An Cumann Scoildrámaíochta agus An tOireachtas comhthairiscint ar na duaiseanna seo a leanas
Comórtas Chuimhneacháin Aoidh Uí Ruairc (€700)
 A)  Bundráma nuacheaptha, gan dul thar 30 nóiméad a d’oirfeadh do pháistí bunscoile go rang 3 (rang 3 san áireamh). An chéad duais €200, an dara duais €150. Táille iomaíochta €10.
 B)  Bundráma nuacheaptha, gan dul thar 30 nóiméad a d’oirfeadh do scoláirí bunscoile ó rang 4 go rang 6 (an dá rang san áireamh). An chéad duais €200, an dara duais €150. Táille iomaíochta €10.
Comórtas Chuimhneacháin Dhonncha Uí Shúilleabháin (€450)
 Bundráma nuacheaptha, gan dul thar 30 nóiméad a d’oirfeadh do scoláirí iarbhunoideachais. Dhá radharc ar a mhéid sna drámaí seo.An chéad duais €300, an dara duais €150. Táille iomaíochta €10.
Fáiltítear roimh cheoldrámaí.
Gach eolas le fáil ó Rúnaí an Oireachtais.